Bhíomar go léir breá sásta chun a bheith ar ais ar scoil!
Fáilte ar ais gach éinne!
Tá sé go h-iontach chun a bheith ar ais!

Nóta ón bPríomhoide
Tá deireadh tagaithe leis an téarma agus tá sos maith tuillte ag gach éinne. Bhí an tréimse ó dhúnadh na Scoileanna ar an 12/03/20 ana ait agus ana dheachair ar gach éinne idir óg agus aosta.
Ár mbuiochas leis na ndaltaí go léir a lean ar aghaidh ag foghlaimt sa bhaile .Bhí sé dian orthu agus go háirithe Rang a 2 nuair a chuireadh an Chéad Comaoine ar athló agus do Rang a 6, ag fágaint slán le Scoil Aban taréis bheith linn ó 2012.
Ár mbuíochas chomh maith libhse, a thuismitheoirí, a chabhraigh go mór sa bhaile .
Mo bhuíochas le gCumann na dTuismitheoirií Scoil Abán as ucht an chúnamh a thug siad dúinn i mbliana. Buíochas go háirithe as ucht an urraíocht a thug siad le haghaidh Hoodies Rang a 6.
Mo bhuíochas chomh maith lenár Múinteoiri a dhein a ndícheall chun ceachtanna suimiúla a ullamhú sa bhaile . Beidh na liostai leabhair don bhlian seo chugainn , a sheoladh ag na Múinteoirí ranga ar ríomhphost.
Tá sé beartaithe againn athoscailt ar an 26/08/20 ach gan dabht ag braith ar chomhairle na Roinne agus an HSE. Beidh tuilleadh eolas a sheoladh againn i rith an tSamhraidh.
Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as laethanta saoire an tsamhraidh.
Le gach dea-ghuí ,
Conchúr Ó Luasa.
Seo fís a dhein Múinteoir Laura chun failte a chuir roimh na naíonáin a bheidh ag tosnú sar i bhfad. Táimid go léir ag tnúth le bualadh libh!
Seo an dara píosa don turas. Rudaí ana shuimiúil ann. Tráth na gCeist nuair a bheimid ar ais!!
Dhein Máistir Ó Luasa físeanna álainn chun turas idirghníomhach a thabhairt do gach éinne! Seo cuid a hAon. Bainigí taitneamh as!