Laethanta Saoire!

Nóta ón bPríomhoide 

Tá  deireadh tagaithe leis an téarma agus tá sos maith  tuillte ag gach éinne. Bhí an tréimse ó dhúnadh na Scoileanna ar an 12/03/20 ana ait agus ana dheachair  ar  gach éinne idir óg agus aosta.

Ár mbuiochas leis na ndaltaí go léir a lean ar aghaidh ag foghlaimt  sa bhaile .Bhí sé dian orthu agus go háirithe Rang a 2 nuair a chuireadh an Chéad Comaoine ar athló agus do Rang a 6, ag fágaint slán le Scoil Aban taréis bheith linn ó 2012.

Ár mbuíochas chomh maith libhse, a  thuismitheoirí, a  chabhraigh go mór sa bhaile .

Mo bhuíochas le gCumann na dTuismitheoirií  Scoil Abán as ucht an chúnamh  a thug  siad dúinn  i mbliana. Buíochas  go háirithe as ucht an urraíocht a thug  siad le haghaidh Hoodies Rang a 6.

Mo bhuíochas  chomh maith lenár  Múinteoiri  a dhein a ndícheall chun ceachtanna suimiúla a ullamhú  sa bhaile . Beidh na liostai leabhair  don bhlian seo chugainn , a sheoladh  ag na Múinteoirí  ranga ar ríomhphost.

Tá sé beartaithe againn athoscailt  ar an 26/08/20 ach gan dabht ag braith ar chomhairle na Roinne agus an HSE. Beidh tuilleadh eolas a sheoladh againn  i rith an tSamhraidh.

 Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as laethanta saoire an tsamhraidh.

Le gach dea-ghuí ,

Conchúr  Ó Luasa.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *