Múinteoir Máiréad

Gabhaimid ár mbuíochas ó chroí go Máiread Uí Loingsigh a d’éirigh as mar cuntóir teanga le deanaí.

Bhí Máiréad ag obair linn i Scoil Abán Noafa le tréimhse ana fhada agus bhí sí chomh cabhrach agus cineálta le gach éinne i gcónaí.

 

Go raibh maith agat a Mháiréad.

Rath Dé Ort as seo amach.

 

Céad Faoistin

Comhgháirdeas mór le rang a 3 inniu. Bhí ocáid ana dheas acu don Chéad Faoistin.

Go raibh maith agat Máistir Alan as an obair go léir.

Go raibh míle maith agaibh le Cumann na Tuismitheoirí as na gcistí álainn agus an uachtar reoite ina dhiaidh.

Turas Idirghníomhach!

Seo an fís álainn a dhein Máistir Ó Luasa le linn Covid19.

An chéad cúigear a thagann chuig Múinteoir Marguerite maidin Dé Céadaoin le freagra don cheist seo thíos, beidh duais daoibh!

Ceist: Cén bhliain a dúnadh Coláiste Íosagáin?

 

Agus an chéad cúigear a thagann chuig Múinteoir Marguerite chun scéal an Gadaí Dubh a athinsint, beidh duaiseanna eile!