Stair na Scoile

Ní h-eol dúinn go cruinn cathain ar thógadh an t-seanscoil ar an suíomh ina bhfuil an halla faoi láthair. Tá leac cuimhneachain ar an bhfalla a deir ‘Ballyvourney National School 1900’.

Deisíodh an t-seanscoil, Scoil Náisiúnta Baile Mhúirne, sa bhlain 1954.

Osclaíodh an scoil nua, Scoil Abán Naofa, i 1986 san áit ina raibh sean halla an pharóiste. Táimid faoi chomaoin ag slua mór múinteoirí a mhúin sa scoil seo le nócha bliain anuas. Ina measc bhí Donnchadha Ó Buachalla, Eibhlín Bn. Uí Bhuachalla, Stiana Ó h-Éigearta, Síle Bn. Uí Shíothcháin, Eibhlín Ní Loingsigh, Siobhán Ní Chathasaigh, Máire Ní Loingsigh (Bean Uí Shuibhne), Seán Mac a Mhaoir, Gobnait Bn. Uí Fhuaráin, Seán Ó Liatháin, Seán Ó Céilleachair, Gearóid Ó Scanaill, Siobhán Bn. Uí Éalaithe, Áine Uí Loingsigh, Stiana Ó Céilleachair, Siobhán Uí Luasa (Bn. Ó Ríordáin) agus Máire Bn. Uí Dhonnchú.

Tá caibhidil nua ag tosnú maidir le stair Scoil Abán Naofa anois i 2022. Beidh halla nua á thógáil, ag tosnú an Samhradh seo agus táimid ag súil go mór leis an tionscnamh mór seo.

 

Seo roinnt pictiúirí ó Meitheamh 2023 don Halla nua atá geall leis réidh anois!