Céad Chomaoine

Bhí lá álainn ag na mbuachaillí agus cailíní ó Rang a Trí don Chéad Chomaione an Sathairn seo chaite.

Gabhaimid buíochas mór le Múinteoir Gráinne as an méid oibre a dhein sí don ocáid agus buíochas mór leis an tAthair John as an aifreann speisialta do na bpáistí.

Céad Chomaoine

Céad Chomaoine 

Go n-éirí le na mbuachaillí agus cailíní a bheidh ag fáil an Chéad Chomaoine ar an Sathairn seo an 25ú Meán Fómhair.

Tá ana chuid oibre déanta ag Múinteoir Gráinne agus bhí tréimhse fada le feitheamh ar an lá speisialta seo!

Guimíd gach rath oraibh agus tá súil againn go mbeidh lá iontach ag gach éinne.

 

Laethanta Saoire an tSamhraidh!

Tá an Samhradh buailte linn! Bliain ait gan dabht ach bhaineamar an taitneamh as an mbliain. Comhgháirdeas gach éinne as scoil bhliain eile a bhaint amach.

Beidh an scoil ag ath-oscailt ar an 1ú Meán Fómhair 2021.

Bíodh Samhradh deas ag gach éinne.

Tabhair aire!

Slán le Rang a Sé!

Fagaimid slán le na buachaillí agus cailíní i rang a sé. Gabhaimid buíochas leo as ucht chomh dícheallach agus chomh deas a bhíodar. Gabhaimid buíochas lena dtuismitheoirí as ucht an mhéid tacaíochta a fuaireamar uathu thar na blianta.