Seol rudaí chugainn!

B’aoibhinn linn pictiúirí nó griangrafanna a fháil ó na páistí chun cuir suas anseo ar an Blog  – pictiúirí a dhein sibh sa bhaile nó griangrafanna do na gníomhaíochtaí deasa atá á dhéanamh agaibh sa bhaile faoi láthair.

Seol chuig blog@scoilaban.com iad le bhúr dtoil.

Shooting Stars Clipart Black And White | Clipart Panda - Free ...

Tabhair Aire

Guimíd gah rath ar gach éínne sa cheanntar ag an am ait seo. Guimíd gach rath ar ár bpáistí & ár dtuismitheoirí. Guimíd gach rath ar éinne atá ag obair sna seirbhísí ag an am seo. Tabhair aire gach éinne.

Ireland Remembers: Virtual memorial wall for loved ones

Comhgháirdeas

Comhgháirdeas le gach éinne a ghlac páirt le déanaí i Scór na bPáistí. D’éirigh go h-iontach le gach éinne. D’éirigh le Sara, Aibigéal, Roisín, Emma agus Rebecca an tarna áit a bhaint amach sa ghrúpa ceoil agus d’éirigh go h-iontach le Eireen chomh maith chun an tarna áit a bhaint amach sa rince sean nós.

Maith sibh cailíní!

Scór na bPáistí

Go néírí leis na cáilíní agus na buachaillí atá ag glacadh páírt i Scór na bPáistí ag rince, ag canadh, ag seinim ceol agus ag glachadh páirt i dtráth na gceist, in Inse Geimleach Dé Sathairn an 15ú lá de Feabhra óna 2 a chlog ar aghaidh.