Ar Ais ar Scoil Arís

Tá na ranganna Naíonáin, Rang 1 agus Rang 2 ar ais ar scoil anois tar éis dhá mhí sa bhaile ag cian-fhoghlaim. Is iontach an rud é a bheith ar scoil arís agus ag foghlaim le chéile  sa seomra ranga. Táimid ag súil leis na hard-ranganna a fheiscint chomh maith ar an 15ú .

 

Múinteoir Máiréad

Gabhaimid ár mbuíochas ó chroí go Máiread Uí Loingsigh a d’éirigh as mar cuntóir teanga le deanaí.

Bhí Máiréad ag obair linn i Scoil Abán Noafa le tréimhse ana fhada agus bhí sí chomh cabhrach agus cineálta le gach éinne i gcónaí.

 

Go raibh maith agat a Mháiréad.

Rath Dé Ort as seo amach.

 

Céad Faoistin

Comhgháirdeas mór le rang a 3 inniu. Bhí ocáid ana dheas acu don Chéad Faoistin.

Go raibh maith agat Máistir Alan as an obair go léir.

Go raibh míle maith agaibh le Cumann na Tuismitheoirí as na gcistí álainn agus an uachtar reoite ina dhiaidh.