Laethanta Saoire an tSamhraidh

Beidh laethanta saoire againn ar 12.30 ar an gCéadaoin an 27ú Meitheamh. Bíodh samhradh deas ‘s sábháilte ag gach éinne. Go raibh maith agaibh go léir as ucht cúnamh agus tacaíocht le linn na bliana.

Beimid ar ais ar scoil Dé Céadaoin an 29ú Lúnasa. 

Image result for summer holiday clipart

Comórtas Gairdín Scoile 2018

Bhíomar i Halla an Chontae arís le déanaí le haghaidh an Bród as ár bPobal, Comórtas Gairdín Scoile 2018 a bhí riaraithe ag Muintir na Tíre. Bhuail Daniel, Darragh agus Fiona leis an mhéara, Declan Hurley agus thug sé teastas dúinn don obair go léir atá déanta ag na daltaí sa Ghairdín i mbliana.

Turas Scoile

Turas Scoile Rang 3 & 4 Dé Máirt 19ú Meitheamh. Ag fágaint ar 08.30

Turas Scoile Rang 5 & 6 Dé Máirt 19ú Meitheamh chomh maith. Ag fágaint ar 08.00

Bainígí taitneamh as!

Image result for clipart school tour